Hallo, mise Robert McMillen*
agus is
Thig leat Robbi a chur orm.
Tá mé ag réalú suíomhanna idirlín le 19 mbliana déag anuas, ag tógáil suíomhanna i WordPress / WooCommerce, Shopify, Ghost agus réitigh shaincheaptha eile. Mar fhorbróir neamhspleách, tá muinín ag mo chuid cliant astam, agus tá cuid de na gnólachtaí sin ag obair liom le breis 16 mbliana.
Cuirim seirbhísí bhánlipéid ar fáil fosta do chomhlachtaí margaíochta agus deartha gréasáin sa Bhreatain, in Éirinn, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Bím ag cothabháil níos mó ná 80 suíomh idirlín gach mí thar ceann gníomhaireachtaí.
Is láidreacht ar leith liom scóipeáil theicniúil, rud is féidir liom a chur ar fáil ag céim réamhtháirgthe tionscadal forbartha, nó i ról bainisteora tionscadail.
Tá taithí agam sna healaíona, san ríomhthráchtáil (idir fhorbairt ghréasáin agus chomhtháthú POS), sna hearnálacha poiblí agus pobail, le FBManna, agus i gclaochlú digiteach.
Más mian leat tionscadal úr a thosú, nó má tá comhairle saor in aisce de dhíth ort, bí i dteagmháil liom.













